Cártaí Gradaim

Cártaí gradaim – tá éagsúlacht leathan de na cártaí seo againn chun tacú le múinteoirí sa seomra ranga nuair is mian leo aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí atá déanta ag páistí. Tá na cártaí gradaim chomh mór le A6 agus tá siad pacáilte i bpacáistí de 100 & 200 (meascáin de chártaí iontu). Tá siad ar fáil as Béarla freisin. Is féidir le scoileanna a bpacáistí féin a roghnú ionas go n-oirfidh na pacáistí dá riachtanais féin agus is féidir cártaí gradaim a chur i gcló in A4 le haghaidh bhronnadh na nduaiseanna ag deireadh na bliana – Glaoigh orainn le do thoil.